3. Faoin 10 Iúil 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:
|
(a)
|
liosta na n-údarás poiblí atá i dteideal faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a cheadú de bhun mhír 2, pointí (f), (g) agus (h), agus na húdaráis phoiblí nó na catagóirí d’údaráis phoiblí atá i dteideal faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a cheadú de bhun mhír 2, pointe (i);
|
|
(b)
|
aon chatagóir bhreise daoine a bhfuarthas amach ina leith go bhfuil leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil arna sainaithint i gcomhréir le mír 2, an dara fomhír.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ar na catagóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó maidir le haon rud a chuirtear leo, agus i gcás ar bith tabharfaidh siad an fógra sin laistigh de 1 mhí ón uair a tharla an t-athrú sin.
An fhaisnéis arna fáil de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún ar fáil í do na Ballstáit eile.