|
+Airteagal 15 Eisceachtaí ó na rialacha maidir le rochtain ar chláir um úinéireacht thairbhiúil |
Airteagal 15 Eisceachtaí ó na rialacha maidir le rochtain ar chláir um úinéireacht thairbhiúilAirteagal 15 Eisceachtaí ó na rialacha maidir le rochtain ar chláir um úinéireacht thairbhiúil In imthosca eisceachtúla a bheidh le leagan síos sa dlí náisiúnta, i gcás ina bhfágfadh an rochtain dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus Airteagal 12(1) go mbeadh an t-úinéir tairbhiúil neamhchosanta ar riosca díréireach calaoise, fuadaigh, dúmháil, sracaireachta, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe, nó i gcás inar mionaoiseach an t-úinéir tairbhiúil nó ina mbeadh sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí, forálfaidh na Ballstáit do dhíolúine ón rochtain sin ar an bhfaisnéis phearsanta go léir maidir leis an úinéir tairbhiúil, nó ar chuid den fhaisnéis sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar díolúintí den sórt sin ar bhonn cás ar chás, ar mheastóireacht mhionsonraithe a bheith déanta, ar chineál eisceachtúil na n-imthosca agus ar dhearbhú a fháil go bhfuil na rioscaí díréireacha sin ann. An ceart chun athbhreithniú riaracháin ar an gcinneadh lena ndeonaítear díolúine agus an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh, déanfar iad a ráthú. Ballstát a rinne díolúintí a dheonú, foilseoidh sé sonraí staidrimh bliantúla maidir le líon na ndíolúintí a deonaíodh agus na cúiseanna a tugadh agus tuairisceoidh sé na sonraí sin don Choimisiún. Ní bheidh feidhm ag díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo maidir leis na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(b), de Rialachán (AE) 2024/1624 ar oifigigh phoiblí iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|