6. Na sásraí uathoibrithe láraithe, déanfar iad a idirnascadh trí bhíthin córas idirnasctha na gclár cuntas bainc (‘CICCB’) atá le forbairt agus le hoibriú ag an gCoimisiún. Áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh den sórt sin i gcomhar leis na Ballstáit faoin 10 Iúil 2029.
I dtaca leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta chun sásraí uathoibrithe láraithe na mBallstát a idirnascadh le CICCB, féadfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta sin a leagan amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).