+Airteagal 16 Cláir cuntas bainc agus córais leictreonacha aisghabhála sonraí
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
---+Airteagal 16 4
---+Airteagal 16 5
---+Airteagal 16 6
---+Airteagal 16 7
---+Airteagal 16 8
---+Airteagal 16 9
---+Airteagal 16 10
|
Airteagal 16 Cláir cuntas bainc agus córais leictreonacha aisghabhála sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1
|
1. Cuirfidh na Ballstáit sásraí uathoibrithe láraithe ar bun, amhail cláir lárnacha nó córais leictreonacha aisghabhála sonraí lárnacha, lena bhféadfar aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha a shainaithint a bhfuil cuntais íocaíochta nó cuntais bhainc acu, nó á rialú acu, arna sainaithint trí bhíthin IBAN, lena n-áirítear IBANanna fíorúla, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní, agus taisceadáin atá á gcoimeád ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais laistigh dá gcríoch.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le saintréithe na sásraí náisiúnta sin chomh maith leis na critéir ar dá mbun a chuimsítear faisnéis sna sásraí náisiúnta sin.
|
|
Airteagal 16 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis atá á coimeád sna sásraí uathoibrithe láraithe inrochtana go díreach ar bhealach láithreach neamhscagtha do FIUnna, agus do AMLA chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620. Beidh rochtain thráthúil ag na húdaráis mhaoirseachta freisin ar an bhfaisnéis, chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Treoir seo.
|
|
Airteagal 16 3
|
3. Beidh an fhaisnéis seo a leanas inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí uathoibrithe láraithe:
|
(a)
|
i gcás sealbhóirí cuntais custaiméara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann sealbhóir cuntais custaiméara: an t-ainm, arna chomhlánú leis na sonraí sainaitheantais eile a cheanglaítear faoi Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 nó le huimhir sainaitheantais uathúil chomh maith, i gcás inarb infheidhme, leis an dáta a thosaigh an duine, a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara, agus an dáta a scoir sé de chumhacht a bheith aige gníomhú thar ceann an chustaiméara;
|
|
(b)
|
i gcás úinéirí tairbhiúla sealbhóirí cuntais custaiméara: an t-ainm, arna chomhlánú leis na sonraí sainaitheantais eile a cheanglaítear faoi Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 nó le huimhir sainaitheantais uathúil chomh maith leis an dáta a thosaigh an duine de bheith ina úinéir tairbhiúil ar an sealbhóir cuntais custaiméara agus, i gcás inarb infheidhme, an dáta a scoir an duine sin de bheith ina úinéir tairbhiúil ar an sealbhóir cuntais custaiméara;
|
|
(c)
|
i gcás cuntais bhainc nó cuntais íocaíochta: an uimhir IBAN, nó i gcás nach sainaithnítear an cuntas íocaíochta le huimhir IBAN, sainaitheantóir uathúil an chuntais, agus dáta oscailte an chuntais agus, i gcás inarb infheidhme, dáta dúnta chuntais;
|
|
(d)
|
i gcás IBANanna fíorúla arna n-eisiúint ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais: an uimhir fhíorúil IBAN, aitheantóir cuntais uathúil an chuntais a ndéantar íocaíochtaí chuig an IBAN fíorúil a atreorú chuige go huathoibríoch, agus dátaí oscailte agus dúnta an chuntais;
|
|
(e)
|
i gcás cuntais urrús: aitheantóir uathúil an chuntais, agus dátaí oscailte agus dúnta an chuntais;
|
|
(f)
|
i gcás cuntais cripteashócmhainní: aitheantóir uathúil an chuntais, agus dátaí oscailte agus dúnta an chuntais.
|
|
(g)
|
i gcás taisceadán: ainm an léasaí arna chomhlánú leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2024/1624, nó le huimhir aitheantais uathúil agus an dáta ar thosaigh an léas agus, i gcás inarb infheidhme, an dáta ar tháinig deireadh leis.
|
I gcás IBAN fíorúil, is é an sealbhóir cuntais custaiméara dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a bheidh mar shealbhóir ar an gcuntas a ndéantar íocaíochtaí chuig an IBAN fíorúil a atreorú chuige go huathoibríoch.
Chun críocha phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, is éard a bheidh san ainm, i gcás daoine nádúrtha, gach ainm agus sloinne agus i gcás eintitis dhlítheanacha, socruithe dlíthiúla nó eagraíochtaí eile a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu, an t-ainm faoina bhfuil siad cláraithe.
|
|
Airteagal 16 4
|
4. An fhormáid le haghaidh faisnéis a chur isteach chuig na sásraí uathoibrithe láraithe, féadfaidh an Choimisiúin an fhormáid sin a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).
|
|
Airteagal 16 5
|
5. Faisnéis eile a mheastar a bheith fíor-riachtanach do FIUnna, do AMLA chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620 agus d'údaráis mhaoirseachta chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí uathoibrithe láraithe.
|
|
Airteagal 16 6
|
6. Na sásraí uathoibrithe láraithe, déanfar iad a idirnascadh trí bhíthin córas idirnasctha na gclár cuntas bainc (‘CICCB’) atá le forbairt agus le hoibriú ag an gCoimisiún. Áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh den sórt sin i gcomhar leis na Ballstáit faoin 10 Iúil 2029.
I dtaca leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta chun sásraí uathoibrithe láraithe na mBallstát a idirnascadh le CICCB, féadfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta sin a leagan amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).
|
|
Airteagal 16 7
|
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil trí CICCB. Déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuirfear ar fáil, trína sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta agus trí CICCB lena n-idirnasctar na sásraí uathoibrithe láraithe dá dtagraítear sa mhír seo, ach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus í comhfhreagrach don chuntas bainc agus íocaíochta iarbhír, lena n-áirítear IBAN fíorúil, don chuntas urrús nó don chuntas cripteashócmhainní agus don taisceadán, iarbhír. Tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis sin i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí.
An fhaisnéis eile a mheasann na Ballstáit a bheith bunriachtanach do FIUnna agus d’údaráis inniúla eile de bhun mhír 4, ní bheidh sí inrochtana ná inchuardaithe trí CICCB lena n-idirnasctar na sásraí uathoibrithe láraithe.
|
|
Airteagal 16 8
|
8. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis maidir le sealbhóirí cuntas bainc nó cuntas íocaíochta, lena n-áirítear IBANanna fíorúla, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin a chur ar fáil trína sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta agus trí CICCB lena n-idirnasctar na sásraí uathoibrithe láraithe ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis dhúnadh an chuntais.
Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna sonracha, cead a thabhairt go ndéanfaí faisnéis den sórt sin choinneáil, nó a cheangal go ndéanfaí faisnéis den sórt sin a choinneáil ar feadh uastréimhse 5 bliana, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag na Ballstáit go bhfuil gá leis an gcoinneáil sin agus go bhfuil sí comhréireach chun an sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
|
|
Airteagal 16 9
|
9. Tabharfar rochtain láithreach neamhscagtha do FIUnna agus, chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620, do AMLA, ar an bhfaisnéis maidir le cuntais íocaíochta agus cuntais bhainc arna sainaithint ag IBAN, lena n-áirítear IBAN fíorúil, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin i mBallstáit eile atá ar fáil trí CICCB. Tabharfar rochtain thráthúil d’údaráis mhaoirseachta ar an bhfaisnéis atá ar fáil trí phointe rochtana aonair CCB. Rachaidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún chun an mhír seo a chur chun feidhme.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh foireann na FIUnna náisiúnta agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta a bhfuil rochtain acu ar CICCB ardchaighdeáin ghairmiúla ar bun maidir le rúndacht agus cosaint sonraí, go mbeidh ardleibhéal ionracais acu agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu.
Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír maidir le AMLA freisin i gcomhthéacs anailísí comhpháirteacha agus nuair atá sé ag gníomhú mar mhaoirseoir.
|
|
Airteagal 16 10
|
10. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla ar bun chun slándáil na sonraí a áirithiú de réir ardchaighdeáin theicneolaíocha chun gur féidir le FIUnna agus le húdaráis mhaoirseachta an chumhacht a fheidhmiú chun an fhaisnéis atá ar fáil a rochtain agus a chuardach trí CICCB i gcomhréir le míreanna 5 agus 6.
Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír freisin maidir le AMLA i gcomhthéacs anailísí comhpháirteacha agus nuair a bhíonn sé ag gníomhú mar mhaoirseoir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|