+Airteagal 17 1
|
Airteagal 17 1
1. I dtaca leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta is gá a ghlacadh chun foráil d'idirnascadh chláir lárnacha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10(19), féadfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta sin a leagan amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear tacar na sonraí teicniúla is gá chun go bhfeidhmeoidh an t-ardán a fheidhmeanna, chomh maith leis an modh ina ndéanfar na sonraí sin a stóráil, a úsáid agus a chosaint;
|
|
(b)
|
na critéir coiteanna ar dá réir a bheidh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil le fáil trí chóras idirnasctha na gclár lárnacha, ag brath ar leibhéal na rochtana a dheonaíonn na Ballstáit;
|
|
(c)
|
na mionsonraí teicniúla i dtaca leis an gcaoi a gcuirfear an fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla ar fáil;
|
|
(d)
|
na coinníollacha teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirtear ar fáil le córas idirnasctha na gclár;
|
|
(e)
|
na socruithe teicniúla chun na cineálacha éagsúla rochtana ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12 den Treoir seo, lena n-áirítear fíordheimhniú úsáideoirí trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe ábhartha a úsáid mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
|
|
(f)
|
na socruithe íocaíochta i gcás ina bhfuil an rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi réir táille a íoc de réir Airteagail 11(4) agus 13(2) agus na háiseanna íocaíochta atá ar fáil, mar shampla idirbhearta cianíocaíochta, á gcur san áireamh.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|