2. Is é an FIU an t-aonad náisiúnta lárnach aonair a bheidh freagrach as tuairiscí arna dtíolacadh ag eintitis faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624, tuairiscí arna gcur isteach ag eintitis faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 74, agus Airteagal 80(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, agus aon fhaisnéis eile atá ábhartha maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear faisnéis arna tarchur ag údaráis chustaim de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1672 a fháil agus a anailísiú, chomh maith le faisnéis arna cur isteach ag údaráis mhaoirseachta nó ag údaráis eile.