+Airteagal 19 An FIU a bhunú
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
---+Airteagal 19 6
---+Airteagal 19 7
---+Airteagal 19 8
---+Airteagal 19 9
---+Airteagal 19 10
|
Airteagal 19 An FIU a bhunú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Bunóidh gach Ballstát FIU chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac ar bhealach éifeachtach.
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Is é an FIU an t-aonad náisiúnta lárnach aonair a bheidh freagrach as tuairiscí arna dtíolacadh ag eintitis faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624, tuairiscí arna gcur isteach ag eintitis faoi oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 74, agus Airteagal 80(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, agus aon fhaisnéis eile atá ábhartha maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear faisnéis arna tarchur ag údaráis chustaim de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1672 a fháil agus a anailísiú, chomh maith le faisnéis arna cur isteach ag údaráis mhaoirseachta nó ag údaráis eile.
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Is ar an FIU a bheidh an fhreagracht torthaí a chuid anailísí agus aon fhaisnéis bhreise a scaipeadh ar údaráis inniúla ábhartha i gcás ina bhfuil forais ann lena cheapadh go bhféadfadh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a bheith ar siúl. Beidh sé in ann faisnéis bhreise a fháil ó eintitis faoi oibleagáid.
Is é a bheidh i bhfeidhm anailíse airgeadais an FIU an méid seo a leanas:
|
(a)
|
anailís oibríochtúil lena ndírítear ar chásanna aonair agus ar spriocanna sonracha nó ar fhaisnéis iomchuí roghnaithe, agus tosaíocht á tabhairt di ar bhonn riosca, agus ar bhonn shaghas agus mhéid na nochtaí agus ar an úsáid a mheastar a bhainfear as an bhfaisnéis tar éis a scaipthe;
|
|
(b)
|
anailís straitéiseach lena dtugtar aghaidh ar threochtaí agus ar phatrúin an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus a n-éabhlóid.
|
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Beidh gach FIU neamhspleách ó thaobh oibríochta, agus beidh sé uathrialach, rud a chiallaíonn go mbeidh an t-údarás agus an cumas ag gach FIU chun a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi shaoirse, lena n-áirítear an cumas cinntí uathrialacha a ghlacadh chun faisnéis shonrach a anailísiú, a iarraidh agus, i gcomhréir le mír 3, a scaipeadh. Beidh sé saor ó aon tionchar nó cur isteach míchuí polaitiúil, rialtais nó tionscail.
I gcás ina bhfuil FIU lonnaithe i struchtúr údaráis eile atá ann cheana, beidh croífheidhmeanna an FIU neamhspleách agus scartha go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile an údaráis óstaigh.
|
|
Airteagal 19 5
|
5. Cuirfidh na Ballstáit acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla leordhóthanacha ar fáil dá FIUnna chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Beidh na FIUnna in ann na hacmhainní a fháil is gá chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích agus beidh siad in ann na hacmhainní sin a chur chun úsáide.
|
|
Airteagal 19 6
|
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh foireann a FIUnna faoi cheangal ag ceanglais rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 67, agus go gcoinneoidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear ardchaighdeáin cosanta sonraí, agus go mbeidh ardleibhéal ionracais acu agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu i ndáil le láimhseáil eiticiúil tacar mórshonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta ar bun ag FIUnna chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.
|
|
Airteagal 19 7
|
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha ar bun ag na FIUnna lena rialaítear slándáil agus rúndacht na faisnéise.
|
|
Airteagal 19 8
|
8. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bealaí slána agus cosanta ar bun ag na FIUnna chun faisnéis a chur in iúl agus a mhalartú trí mheán leictreonach le húdaráis inniúla agus le heintitis faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 19 9
|
9. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a FIUnna in ann socruithe a dhéanamh le húdaráis inniúla intíre eile de bhun Airteagal 46 maidir le malartú faisnéise.
|
|
Airteagal 19 10
|
10. Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
na bearta atá le cur ar bun chun uathriail agus neamhspleáchas oibríochtúil an FIU a chaomhnú, lena n-áirítear bearta chun a chosc go ndéanfaidh coinbhleachtaí leasa difear dá uathriail oibríochtúil agus dá neamhspleáchas oibríochtúil; agus
|
|
(b)
|
cineál, gnéithe agus cuspóirí na hanailíse oibríochtúla agus straitéisí;
|
|
(c)
|
uirlisí agus modhanna chun faisnéis airgeadais, riaracháin agus forfheidhmithe dlí a bhfuil rochtain ag FIUnna uirthi, a úsáid agus a chros-seiceáil; agus
|
|
(d)
|
cleachtais agus nósanna imeachta chun fionraí a fheidhmiú nó chun toiliú le hidirbheart a choinneáil siar a fheidhmiú agus cuntas nó gaolmhaireacht gnó a chur ar fionraí nó faireachán a dhéanamh air de bhun Airteagail 24 agus 25.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|