6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh foireann a FIUnna faoi cheangal ag ceanglais rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 67, agus go gcoinneoidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear ardchaighdeáin cosanta sonraí, agus go mbeidh ardleibhéal ionracais acu agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu i ndáil le láimhseáil eiticiúil tacar mórshonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta ar bun ag FIUnna chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.