4. I gcomhthéacs a fheidhmeanna, beidh gach FIU in ann faisnéis a iarraidh ar aon eintiteas faoi oibleagáid, agus an fhaisnéis sin a fháil agus a úsáid, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh de bhun Airteagal 19(3) den Treoir seo, fiú mura ndéantar aon tuairisc a chomhdú roimh ré de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), nó Airteagal 70(1), de Rialachán (AE) 2024/1624. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar eintitis faoi oibleagáid iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh de bhun na míre seo a chomhlíonadh nuair is iarrataí iad a bhaineann le faisnéis a fuarthas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 70(2) den Rialachán sin.