+Airteagal 21 Rochtain ar fhaisnéis
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
---+Airteagal 21 3
---+Airteagal 21 4
|
Airteagal 21 Rochtain ar fhaisnéis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag FIUnna, beag beann ar a stádas eagraíochtúil, ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, riaracháin agus forfheidhmithe dlí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad ag FIUnna:
|
(a)
|
rochtain láithreach dhíreach ar an bhfaisnéis airgeadais seo a leanas:
|
(i)
|
faisnéis atá sna sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 16;
|
|
(ii)
|
faisnéis ó eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear faisnéis maidir le haistrithe cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2023/1113 agus aistrithe cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), den Rialachán sin;
|
|
(iii)
|
faisnéis faoi mhorgáistí agus iasachtaí;
|
|
(iv)
|
faisnéis atá sna bunachair sonraí náisiúnta um airgeadra agus um malartú airgeadra;
|
|
(v)
|
faisnéis faoi urrúis;
|
|
|
(b)
|
rochtain láithreach dhíreach ar an bhfaisnéis riaracháin seo a leanas:
|
(i)
|
sonraí fioscacha, lena n-áirítear sonraí atá á gcoimeád ag údaráis cánach agus ioncaim chomh maith le sonraí a fhaightear de bhun Airteagal 8(3a) de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (40);
|
|
(ii)
|
faisnéis maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí le haghaidh earraí nó seirbhísí, nó lamháltas;
|
|
(iii)
|
faisnéis ó CICCB dá dtagraítear in Airteagal 16 agus an fhaisnéis ó chláir náisiúnta réadmhaoine nó ó chórais aisghabhála sonraí leictreonacha agus ó chláir talún agus chadastracha;
|
|
(iv)
|
faisnéis atá i gcláir náisiúnta saoránachta agus daonra le haghaidh daoine nádúrtha;
|
|
(v)
|
faisnéis atá i gcláir náisiúnta pasanna agus víosaí;
|
|
(vi)
|
faisnéis atá i mbunachair sonraí taistil trasteorann;
|
|
(vii)
|
faisnéis atá sna bunachair sonraí tráchtála, lena n-áirítear cláir ghnó agus cláir cuideachtaí agus bunachair sonraí de na daoine atá faoi riteacht pholaitiúil;
|
|
(viii)
|
faisnéis atá i gcláir náisiúnta mótarfheithiclí, aerárthaí agus árthaí uisce;
|
|
(ix)
|
faisnéis atá i gcláir náisiúnta slándála sóisialaí;
|
|
(x)
|
sonraí custaim, lena n-áirítear aistrithe fisiceacha trasteorann airgid thirim;
|
|
(xi)
|
faisnéis atá i gcláir náisiúnta armán agus arm;
|
|
(xii)
|
faisnéis atá i gcláir náisiúnta um úinéireacht thairbhiúil;
|
|
(xiii)
|
sonraí atá ar fáil trí bhíthin idirnascadh na gclár lárnach i gcomhréir le hAirteagal 10(19).
|
|
(xiv)
|
faisnéis atá i gcláir d'eagraíochtaí neamhbhrabúsacha;
|
|
(xv)
|
faisnéis atá á coimeád ag maoirseoirí agus rialtóirí airgeadais náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 61 agus le hAirteagal 67(2);
|
|
(xvi)
|
bunachair sonraí ina stóráiltear na sonraí maidir le trádáil astaíochtaí CO2 arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún (41).
|
|
(xvii)
|
faisnéis maidir le ráitis airgeadais bhliantúla ó chuideachtaí;
|
|
(xviii)
|
cláir náisiúnta imirce agus inimirce;
|
|
(xix)
|
faisnéis atá á coimeád ag cúirteanna tráchtála;
|
|
(xx)
|
faisnéis atá á coimeád i mbunachair sonraí dócmhainneachta agus ag cleachtóirí dócmhainneachta;
|
|
(xxi)
|
faisnéis maidir le cistí agus sócmhainní eile a reodh nó a blocáladh de bhun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.
|
|
|
(c)
|
rochtain dhíreach nó indíreach ar an bhfaisnéis forfheidhmithe dlí seo a leanas:
|
(i)
|
aon chineál faisnéise nó sonraí atá á coimeád cheana ag na húdaráis inniúla i gcomhthéacs cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú nó i gcomhthéacs ionchúiseamh maidir le cionta coiriúla;
|
|
(ii)
|
aon chineál faisnéise nó sonraí atá á choimeád ag na húdaráis phoiblí nó ag eintitis phríobháideacha i gcomhthéacs cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú nó i gcomhthéacs ionchúiseamh maidir le cionta coiriúla agus atá ar fáil do na húdaráis inniúla gan bearta comhéigneacha a dhéanamh faoin dlí náisiúnta.
|
|
An fhaisnéis sin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, áireofar uirthi taifid choiriúla, faisnéis maidir le himscrúduithe, faisnéis maidir le reo nó urghabháil sócmhainní nó maidir le bearta imscrúdaitheacha nó sealadacha eile agus faisnéis i dtaca le ciontuithe agus coigistithe.
Féadfaidh na Ballstáit srian ar rochtain ar an bhfaisnéis forfheidhmithe dlí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a cheadú ar bhonn cás ar chás, i gcás inar dócha go ndéanfaidh soláthar na faisnéise sin imscrúdú atá ar siúl a chur i mbaol.
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Measfar rochtain ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1 a bheith díreach agus láithreach i gcás ina bhfuil an fhaisnéis i mbunachar sonraí TF, i gclár nó i gcóras aisghabhála sonraí ónar féidir leis an FIU an fhaisnéis a aisghabháil gan aon chéimeanna idirmheánacha, nó i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
go ndéanfaidh na heintitis nó na húdaráis a bhfuil an fhaisnéis acu í a sholáthar go gasta chuig FIUnna; agus
|
|
(b)
|
nach féidir le haon eintiteas, údarás ná tríú páirtí cur isteach ar na sonraí arna n-iarraidh ná ar an bhfaisnéis atá le soláthar.
|
|
|
Airteagal 21 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair is féidir sin, go dtabharfar rochtain dhíreach don FIU ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c). I gcásanna ina dtugtar rochtain indíreach ar fhaisnéis don FIU, déanfaidh an t-eintiteas nó an t-údarás a shealbhaíonn an fhaisnéis iarrtha í a sholáthar go tráthúil.
|
|
Airteagal 21 4
|
4. I gcomhthéacs a fheidhmeanna, beidh gach FIU in ann faisnéis a iarraidh ar aon eintiteas faoi oibleagáid, agus an fhaisnéis sin a fháil agus a úsáid, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh de bhun Airteagal 19(3) den Treoir seo, fiú mura ndéantar aon tuairisc a chomhdú roimh ré de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), nó Airteagal 70(1), de Rialachán (AE) 2024/1624. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar eintitis faoi oibleagáid iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh de bhun na míre seo a chomhlíonadh nuair is iarrataí iad a bhaineann le faisnéis a fuarthas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 70(2) den Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|