2. Soláthróidh údaráis inniúla aiseolas don FIU maidir leis an úsáid a bhaintear as an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 19(3) agus maidir lena úsáidí a bhí sí, agus maidir le toradh na ngníomhaíochtaí agus na n-imscrúduithe arna ndéanamh ar bhonn na faisnéise sin. Soláthrófar an t-aiseolas sin a luaithe is féidir agus in aon chás, i bhfoirm chomhiomlánaithe, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh an FIU in ann a fheidhm anailíse oibríochtúla a fheabhsú.