1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh FIUnna in ann freagairt go tráthúil ar iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis a bhfuil bonn cirt leo mar gheall ar ábhair imní a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (44)(c) agus (d) de Rialachán (AE) 2024/1624 ina mBallstát faoi seach i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin á coimeád ag an FIU cheana féin agus ina bhfuil gá léi ar bhonn cás ar chás. Is faoin FIU i gcónaí a bheidh an cinneadh faisnéis a scaipeadh.
I gcás ina mbeidh forais oibiachtúla ann glacadh leis go mbeadh tionchar diúltach ag soláthar na faisnéise sin ar imscrúduithe nó anailísí leanúnacha, nó, i gcúinsí eisceachtúla, i gcás ina mbeadh nochtadh na faisnéise díréireach ar bhealach soiléir le leasanna dlisteanacha duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh nó go mbeadh sé neamhábhartha maidir leis na críocha dár iarradh é, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an FIU an iarraidh ar fhaisnéis a chomhlíonadh.
I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an FIU na cúiseanna i scríbhinn don údarás iarrthach.