5. Áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an FIU a n-iarrtar an fhaisnéis air, go gcuirfear de cheangal ar an FIU sin réimse iomlán na gcumhachtaí atá ar fáil dó agus a d’úsáidfeadh sé de ghnáth ar bhonn intíre a úsáid chun faisnéis a fháil agus chun anailís a dhéanamh uirthi nuair a fhreagraíonn sé iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ó FIU eile.
Nuair a fhéachann FIU le faisnéis bhreise a fháil ó eintiteas faoi oibleagáid atá bunaithe i mBallstát eile agus a oibríonn ar chríoch a Bhallstáit, seolfar an iarraidh chuig FIU an Bhallstáit a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid bunaithe ar a chríoch. Gheobhaidh an FIU sin faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 agus déanfaidh sé na freagraí a tharchur go pras.