6. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n- iarrfar ar FIU faisnéis a sholáthar de bhun mhír 1, go bhfreagróidh sé an iarraidh a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis an iarraidh a fháil má tá an fhaisnéis atáthar ag iarraidh i seilbh an FIU sin nó má tá an fhaisnéis atáthar ag iarraidh i mbunachar sonraí nó atá á coimeád i gclár atá inrochtana go díreach ag FIU faighte na hiarrata. I gcásanna eisceachtúla, le húdar iomchuí, féadfar uastréimhse 10 lá oibre a chur leis an sprioc-am sin. I gcás nach mbeidh FIU faighte na hiarrata in ann an fhaisnéis a iarrtar a fháil, cuirfidh sé an méid sin in iúl don FIU iarrthach.