7. I gcásanna eisceachtúla práinneacha a bhfuil bonn cirt leo agus, de mhaolú ar mhír 6, i gcás ina n-iarrfar ar FIU, de bhun mhír 1, faisnéis a sholáthar atá á coimeád i mbunachar sonraí nó i gclárlann ar a bhfuil rochtain dhíreach ag FIU faighte na hiarrata nó atá ina sheilbh cheana féin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh FIU faighte na hiarrata an fhaisnéis sin a sholáthar tráth nach déanaí ná 1 lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil.
Mura bhfuil FIU faighte na hiarrata in ann freagra a thabhairt laistigh de 1 lá oibre amháin nó mura féidir leis rochtain dhíreach a fháil ar an bhfaisnéis, soláthróidh sé údar leis an méid sin. I gcás ina gcuirfeadh sé ualach díréireach ar FIU faighte na hiarrata an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de 1 lá oibre, féadfaidh sé soláthar na faisnéise a chur siar. Sa chás sin, cuirfidh FIU faighte na hiarrata in iúl láithreach don FIU iarrthach go bhfuil soláthair na faisnéise á chur siar. Féadfaidh FIU faighte na hiarrata an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis a shíneadh go dtí 3 lá oibre ar a mhéad.