8. I dtaca le faisnéis a mhalartú, ní fhéadfaidh FIU diúltú é sin a dhéanamh ach amháin i ndálaí eisceachtúla ina bhféadfadh an malartú a bheith ag teacht salach ar phrionsabail bhunúsacha a dhlí náisiúnta. Déanfar na heisceachtaí sin a shonrú ar bhealach lena ndéantar mí-úsáid shaormhalartú na faisnéise chun críocha anailíse a chosc, agus teorainneacha míchuí ar an saormhalartú sin a chosc.
Faoin 10 Iúil 2028, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfaidh na Ballstáit na fógraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina dtagann athruithe ar na himthosca eisceachtúla arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta.
Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite na bhfógraí dá dtagraítear sa dara fomhír.