3. Chun críocha an Airteagail seo, soláthróidh maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe agus maoirseoir an Bhallstáit ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí ghníomhairí nó dáileoirí nó trí chineálacha eile bonneagair aon fhaisnéis dá chéile is gá chun a mheas an gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), lena n-áirítear maidir le haon athrú ar imthosca an eintitis faoi oibleagáid a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar shásamh na gcritéar sin.