2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí an Bhallstáit baile faisnéis a chomhroinnt le maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh iarbhír ag an eintiteas faoi oibleagáid i gcríoch an Bhallstáit óstaigh a fhaigheann siad i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear faisnéis arna cur isteach ag na heintitis faoi oibleagáid mar fhreagairt ar cheistneoirí maoirseachta, agus aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Ballstát óstach.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhalartú uair sa bhliain ar a laghad. I gcás ina soláthrófar an fhaisnéis sin i bhfoirm chomhiomlánaithe, áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh maoirseoirí an Bhallstáit baile go pras aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise ó mhaoirseoirí an Bhallstáit óstaigh.
De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas díreach tar éis dóibh fógra a fháil ó eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 go bhfuil tús curtha le gníomhaíochtaí sa Bhallstát óstach.