1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas a luaithe is féidir, agus i gcás ar bith laistigh de 3 mhí ó fhógra a fháil de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 faoi na gníomhaíochtaí a bheartaíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid a dhéanamh sa Bhallstát óstach.
Aon athrú ina dhiaidh sin arna fhógairt do mhaoirseoirí an Bhallstáit baile de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2024/1624 déanfar fógra a thabhairt do mhaoirseoirí an Bhallstáit óstaigh freisin faoi a luaithe is féidir agus i ngach cás laistigh de 1 mhí amháin tar éis an fógra sin a fháil.