7. Féadfaidh na Ballstáit cur ar bun coláistí maoirseachta AML/CFT a cheadú i gcás ina bhfuil bunaíochtaí bunaithe in dhá thríú tír ar a laghad ag eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais atá bunaithe san Aontas. Féadfaidh maoirseoirí seach-airgeadais iarraidh ar a gcontrapháirtithe sna tríú tíortha sin an coláiste sin a chur ar bun. Bunóidh na maoirseoirí seach-airgeadais atá rannpháirteach sa choláiste comhaontú i scríbhinn ina mbeidh mionsonraí ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise.
I gcás ina gcuirtear an coláiste ar bun i ndáil le heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1624 nó grúpaí díobh, áireofar sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo freisin nósanna imeachta chun a áirithiú nach gcomhroinnfear aon fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2024/1624, mura mbeidh feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 21(2).