3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit maidir le smachtbhannaí riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach go ndéanfaidh an maoirseoir an smachtbhannaí airgid a thionscnamh agus go ndéanfaidh an t-údarás breithiúnach é a fhorchur, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu leis na smachtbhannaí airgid arna bhforchur ag na maoirseoirí. Ar aon chaoi, na smachtbhannaí airgid a fhorchuirtear, beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír bearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad de bhun na míre seo in iúl don Choimisiún faoin .10 Iúil 2027 agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.