7. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i ndáil leis na sáruithe ar Rialachán (AE) 2024/1624 nó ar Rialachán (AE) 2023/1113 arna ndéanamh thar a gceann nó chun a dtairbhe ag aon duine, ag gníomhú ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach sin, bunaithe ar aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
cumhacht chun ionadaíocht a dhéanamh ar an duine dlítheanach;
|
|
(b)
|
údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;
|
|
(c)
|
údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.
|