3. I gcás ina mainneoidh na heintitis faoi oibleagáid an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh, cuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maoirseoirí an Bhallstáit baile ar an eolas dá réir sin.
Gníomhóidh maoirseoirí an Bhallstáit baile go pras agus déanfaidh siad gach beart iomchuí chun a áirithiú go leigheasfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid lena mbaineann na sáruithe arna mbrath ina bhunaíochtaí nó ina chineálacha bonneagair sa Bhallstát óstach. Cuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun na míre seo.