+Airteagal 54 Bearta maoirseachta i leith bunaíochtaí eintiteas faoi oibleagáid agus gníomhaíochtaí áirithe arna ndéanamh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar
---+Airteagal 54 1
---+Airteagal 54 2
---+Airteagal 54 3
---+Airteagal 54 4
---+Airteagal 54 5

Airteagal 54 Bearta maoirseachta i leith bunaíochtaí eintiteas faoi oibleagáid agus gníomhaíochtaí áirithe arna ndéanamh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 54 1

1.   I gcás bunaíochtaí de chuid eintiteas faoi oibleagáid nach gcáilíonn mar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais nó i gcás cineálacha bonneagair de chuid eintiteas faoi oibleagáid a ndéanann maoirseoir an Bhallstáit óstaigh maoirseacht orthu de bhun Airteagal 38(1), beidh feidhm ag míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.

Airteagal 54 2

2.   I gcás ina sainaithníonn maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh sáruithe ar cheanglais is infheidhme, iarrfaidh siad ar na heintitis faoi oibleagáid a oibríonn trí na bunaíochtaí nó na cineálacha bonneagair dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais is infheidhme a chomhlíonadh agus cuirfidh siad maoirseoirí an Bhallstáit baile ar an eolas faoi na sáruithe a sainaithníodh laistigh de na heintitis sin faoi oibleagáid agus faoin iarraidh ar chomhlíonadh.

Airteagal 54 3

3.   I gcás ina mainneoidh na heintitis faoi oibleagáid an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh, cuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maoirseoirí an Bhallstáit baile ar an eolas dá réir sin.

Gníomhóidh maoirseoirí an Bhallstáit baile go pras agus déanfaidh siad gach beart iomchuí chun a áirithiú go leigheasfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid lena mbaineann na sáruithe arna mbrath ina bhunaíochtaí nó ina chineálacha bonneagair sa Bhallstát óstach. Cuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun na míre seo.

Airteagal 54 4

4.   De mhaolú ar mhír 3, i gcásanna ina mbeidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha á ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid a oibríonn trí bhunaíochtaí nó trí chineálacha eile bonneagair ina gcríoch dá dtagraítear i mír 1, lena n-éilítear leigheasanna láithreacha, ceadófar do mhaoirseoirí an Bhallstáit óstaigh, bearta iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh, ar a dtionscnamh féin, chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin. Beidh na bearta sin sealadach agus foirceannfar iad ach aghaidh a bheith tugtha ar na sáruithe a sainaithníodh, lena n-áirítear le cúnamh ó mhaoirseoirí Bhallstát baile an eintitis faoi oibleagáid nó i gcomhar leo.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maoirseoir Bhallstát baile an eintitis faoi oibleagáid ar an eolas láithreach ar shainaithint na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha agus ar aon bheart a dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre, mura ndéanfar bearta i gcomhar le maoirseoirí an Bhallstáit baile.

Airteagal 54 5

5.   I gcás ina n-easaontaíonn maoirseoirí an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, féadfaidh siad an t-ábhar a chur faoi bhráid AMLA agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 38 de Rialachán (AE) 2024/1620. Cuirfidh AMLA a thuairim ar fáil maidir le hábhar an easaontais laistigh de 1 mhí amháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.