2. I gcás ina sainaithníonn maoirseoirí airgeadais laigí i gcóras rialaithe inmheánaigh AML/CFT agus sa chaoi a bhfuil cheanglais Rialachán (AE) 2024/1624 á gcur i bhfeidhm ag institiúid creidmheasa, ar laigí iad lena ndéantar méadú ábharach ar na rioscaí a bhfuil nó a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an maoirseoir airgeadais fógra láithreach don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus don údarás nó don chomhlacht a dhéanann maoirseacht ar an institiúid creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE, lena n-áirítear BCE ag gníomhú dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle.
I gcás ina bhféadfadh méadú teacht ar riosca, beidh na maoirseoirí airgeadais in ann dul i gcomhar agus faisnéis a chomhroinnt leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar an institiúid i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus measúnú coiteann a tharraingt suas, a bheidh le cur in iúl do ÚBE ag an maoirseoir a sheol an fógra ar dtús. Déanfar AMLA a choinneáil ar an eolas faoi aon fhógra den sórt sin.