1. Cé is moite de chásanna a chumhdaítear le hAirteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2024/1624, údaróidh na Ballstáit malartú faisnéise idir:
|
(a)
|
maoirseoirí agus na húdaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála de bhun Chaibidil IV den Treoir seo, cibé acu sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla;
|
|
(b)
|
maoirseoirí agus na húdaráis atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna maoirseachta faoi seach;
|
|
(c)
|
maoirseoirí atá i gceannas ar iniúchóirí agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála de bhun Chaibidil IV den Treoir seo, agus na húdaráis phoiblí atá inniúil ar fhormhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, lena n-áirítear údaráis i mBallstáit éagsúla.
|
Ní bheidh ceanglais na rúndachta gairmiúla a leagtar síos in Airteagal 67(1) agus (3) ina mbac ar an malartú faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
Is i gcomhlíonadh dhualgais na n-údarás lena mbaineann, agus i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin a úsáidfear faisnéis rúnda a mhalartófar de bhun na míre seo, agus chuige sin amháin. Ar aon slí, an fhaisnéis a fhaightear, beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 67(1).