+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘bearta sriantacha de chuid an Aontais’ bearta sriantacha arna nglacadh ag an Aontas ar bhonn Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘cistí’ sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;
|
|
(b)
|
taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;
|
|
(c)
|
urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;
|
|
(d)
|
ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;
|
|
(e)
|
creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;
|
|
(f)
|
litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;
|
|
(g)
|
doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;
|
|
(h)
|
cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);
|
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn ‘acmhainní eacnamaíocha’ sócmhainní de gach cineál, cibé acu atá inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach is féidir a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘reo cistí’ cosc a chur ar bhogadh, aistriú, athrú nó úsáid cistí nó rochtain ar chistí, nó láimhseáil cistí ar dhóigh as a n-eascródh athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistiú punainne san áireamh;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘reo acmhainní eacnamaíocha’ cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1226
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|