+Airteagal 7 Pionóis do dhaoine dlítheanacha
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
|
Airteagal 7 Pionóis do dhaoine dlítheanacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhuine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6, lena n-áiritheofar fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus a bhféadfaí pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla eile a áireamh iontu, amhail an méid seo a leanas:
|
(a)
|
eisiamh ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;
|
|
(b)
|
eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;
|
|
(c)
|
dícháiliú ó ghníomhaíochtaí gnó a chleachtadh;
|
|
(d)
|
tarraingt siar ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú arb é an toradh a bhí orthu go ndearnadh an cion coiriúil lena mbaineann;
|
|
(e)
|
cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;
|
|
(f)
|
foirceannadh breithiúnach;
|
|
(g)
|
bunaíochtaí a dhúnadh a úsáidtear chun an cion coiriúil a dhéanamh;
|
|
(h)
|
i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, foilsiú na breithe breithiúnaí ina hiomláine, nó cuid di, ar breith í a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, gan dochar do rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.
|
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla a ghearradh ar dhuine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6 i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1), agus beidh méid na bhfíneálacha sin comhréireach le tromchúis na hiompraíochta agus le himthosca aonair agus airgeadais agus imthosca eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach lú uasleibhéal na bhfíneálacha sin ná an méid seo a leanas:
|
(a)
|
i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), pointí (h)(iii) agus (iv):
|
(i)
|
1 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh, nó
|
|
(ii)
|
méid lena gcomhfhreagraítear do EUR 8 000 000;
|
|
|
(b)
|
i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), pointí (a) go (g), pointí (h)(i) agus (ii), agus pointe (i):
|
(i)
|
5 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh, nó
|
|
(ii)
|
méid lena gcomhfhreagraítear do EUR 40 000 000.
|
|
Féadfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú le haghaidh cásanna nach féidir méid na fíneála a chinneadh ar bhonn láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1226
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|