+Airteagal 7 1

Airteagal 7 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhuine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6, lena n-áiritheofar fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus a bhféadfaí pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla eile a áireamh iontu, amhail an méid seo a leanas:

(a)

eisiamh ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;

(b)

eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

(c)

dícháiliú ó ghníomhaíochtaí gnó a chleachtadh;

(d)

tarraingt siar ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú arb é an toradh a bhí orthu go ndearnadh an cion coiriúil lena mbaineann;

(e)

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(f)

foirceannadh breithiúnach;

(g)

bunaíochtaí a dhúnadh a úsáidtear chun an cion coiriúil a dhéanamh;

(h)

i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, foilsiú na breithe breithiúnaí ina hiomláine, nó cuid di, ar breith í a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, gan dochar do rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1226
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.