2. Chun críocha mhír 1, gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil aon rogha ísealcharbóin le dealramh ann ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de, cáileoidh sí mar ghníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide i gcás ina dtacaíonn sí leis an aistriú chuig geilleagar atá aeráid-neodrach, a bheadh comhsheasmhach le conair lena ndéanfaí an t-ardú teochta a theorannú go 1,5 0C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de réir a chéile, go háirithe astaíochtaí ó bhreoslaí iontaise soladacha, agus i gcás inar fíor an méid thíos faoin ngníomhaíocht sin:
|
(a)
|
go bhfuil leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa aici a chomhfhreagraíonn don fheidhmíocht is fearr san earnáil nó sa tionscal;
|
|
(b)
|
nach gcuireann sí treampán ar fhorbairt ná ar úsáid roghanna eile ísealcharbóin; agus
|
|
(c)
|
nach gaibhniú sócmhainní ar mó a lorg carbóin a bheidh mar thoradh uirthi i bhfianaise shaolré eacnamaíoch na sócmhainní sin.
|
Chun críoch na míre seo agus chun critéir scagtha theicniúla a bhunú de bhun Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rannchuidiú agus indéantacht ionchasach na dteicneolaíochtaí ábhartha uile atá ann cheana.