+Airteagal 10 Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
|
Airteagal 10 Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ag rannchuidiú go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go substaintiúil le cobhsú na dtiúchan gás ceaptha teasa san atmaisféar ar leibhéal a chuireann cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach leis an gcóras aeráide atá comhréireach le sprioc fadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint nó a laghdú nó trí méadú a dhéanamh ar bhaint gás ceaptha teasa, lena n-áirítear trí nuálaíocht phróisis nó nuálaíocht táirge, trí:
|
(a)
|
fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint, a tharchur, a stóráil nó a dháileadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear trí leas a bhaint as teicneolaíocht nuálach lena bhféadfaí coigilteas suntasach a dhéanamh sa todhchaí dá barr nó trí atreisiú riachtanach nó leathnú na greille;
|
|
(b)
|
éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú seachas i gcás na ngníomhaíochtaí giniúna cumhachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(3);
|
|
(c)
|
cur le soghluaisteacht ghlan nó soghluaisteacht atá aeráid-neodrach;
|
|
(d)
|
aistriú chuig úsáid a bhaint as ábhair in-athnuaite a foinsíodh ar bhealach inbhuanaithe;
|
|
(e)
|
cur leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí i dtaca le gabháil agus úsáid carbóin (CCU) agus gabháil agus stóráil carbóin (CCS) atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de agus a chruthaíonn glanlaghdú in astaíochtaí gás ceaptha teasa;
|
|
(f)
|
linnte carbóin talún a neartú, lena n-áirítear trí dhífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a sheachaint, foraoisí a athchóiriú, talamh curaíochta, féarthailte agus bogaigh a bhainistiú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe, trí fhoraoisiú, agus trí thalmhaíocht athghiniúnach;
|
|
(g)
|
bonneagar fuinnimh is gá a bhunú chun dícharbónú a dhéanamh ar chórais fuinnimh;
|
|
(h)
|
breoslaí glana, éifeachtúla a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó fhoinsí atá neodrach ó thaobh carbóin de; nó
|
|
(i)
|
aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (a) go (h) den mhír seo a chumasú de réir Airteagal 16.
|
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Chun críocha mhír 1, gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil aon rogha ísealcharbóin le dealramh ann ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de, cáileoidh sí mar ghníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide i gcás ina dtacaíonn sí leis an aistriú chuig geilleagar atá aeráid-neodrach, a bheadh comhsheasmhach le conair lena ndéanfaí an t-ardú teochta a theorannú go 1,5 0C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de réir a chéile, go háirithe astaíochtaí ó bhreoslaí iontaise soladacha, agus i gcás inar fíor an méid thíos faoin ngníomhaíocht sin:
|
(a)
|
go bhfuil leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa aici a chomhfhreagraíonn don fheidhmíocht is fearr san earnáil nó sa tionscal;
|
|
(b)
|
nach gcuireann sí treampán ar fhorbairt ná ar úsáid roghanna eile ísealcharbóin; agus
|
|
(c)
|
nach gaibhniú sócmhainní ar mó a lorg carbóin a bheidh mar thoradh uirthi i bhfianaise shaolré eacnamaíoch na sócmhainní sin.
|
Chun críoch na míre seo agus chun critéir scagtha theicniúla a bhunú de bhun Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rannchuidiú agus indéantacht ionchasach na dteicneolaíochtaí ábhartha uile atá ann cheana.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun:
|
(a)
|
míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí chritéir scagtha theicniúla a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar ghníomhaíocht eacnamaíoch shonrach a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide; agus
|
|
(b)
|
Airteagal 17 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.
|
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Sula nglacfaidh sé na gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, baileoidh an Coimisiún an saineolas uile is gá ón Ardán dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir le critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i ngníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais faoi Airteagal 19 á gcur san áireamh aige.
|
|
Airteagal 10 6
|
6. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 faoin 31 Nollaig 2020, d’fhonn a chur i bhfeidhm a áirithiú ón 1 Eanáir 2022.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|