|
+Airteagal 5a 18. |
Airteagal 5a 18.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill mhíchuí, faoi fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an comhlacht atá freagrach as bunú agus cothabháil liosta na bpáirtithe is úsáideoirí atá cláraithe a bhraitheann ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití i gcomhréir le hAirteagal 5b(5) agus an áit ina bhfuil an liosta sin;
(b)
na comhlachtaí atá freagrach as Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5a(1);
(c)
na comhlachtaí atá freagrach as a áirithiú go bhfuil na sonraí sainaitheantais duine bainteach leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir le hAirteagal 5a(5), pointe (f);
(d)
an sásra trínar féidir bailíochtú a dhéanamh ar na sonraí sainaitheantais duine dá dtagraítear in Airteagal 5a(5), pointe (f), agus ar chéannacht na bpáirtithe is úsáideoirí;
(e)
an sásra trínar féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá ar tugadh fógra ina leith de bhun na chéad fhomhíre ar fáil go poiblí trí chainéal slán, i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|