+Airteagal 5a Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití
---+Airteagal 5a 1.
---+Airteagal 5a 2.
---+Airteagal 5a 3.
---+Airteagal 5a 4.
---+Airteagal 5a 5.
---+Airteagal 5a 6.
---+Airteagal 5a 7.
---+Airteagal 5a 8.
---+Airteagal 5a 9.
---+Airteagal 5a 10.
---+Airteagal 5a 11.
---+Airteagal 5a 12.
---+Airteagal 5a 13.
---+Airteagal 5a 14.
---+Airteagal 5a 15.
---+Airteagal 5a 16.
---+Airteagal 5a 17.
---+Airteagal 5a 18.
---+Airteagal 5a 19.
---+Airteagal 5a 20.
---+Airteagal 5a 21.
---+Airteagal 5a 22.
---+Airteagal 5a 23.
---+Airteagal 5a 24.
|
Airteagal 5a Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5a 1.
|
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain trasteorann shlán, iontaofa agus rianúil ag gach duine nádúrtha agus dlítheanach san Aontas ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus smacht iomlán acu ar a gcuid sonraí, déanfaidh gach Ballstát ar a laghad Tiachóg Eorpach Céannachta Digití amháin a sholáthar laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 23 den Airteagal seo agus in Airteagal 5c(6).
|
|
Airteagal 5a 2.
|
Déanfar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:
(a)
ar bhealach díreach ag Ballstát;
(b)
faoi shainordú ó Bhallstát;
(c)
ar bhealach atá neamhspleách ar Bhallstát ach iad aitheanta ag an mBallstát sin.
|
|
Airteagal 5a 3.
|
Is faoi cheadúnas foinse oscailte a bheidh cód foinseach chomhpháirteanna bogearraí feidhmchlár na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, nach nochtfar cód foinseach comhpháirteanna sonracha seachas na comhpháirteanna sin atá suiteáilte ar ghléasanna úsáideora.
|
|
Airteagal 5a 4.
|
Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, beidh an t-úsáideoir in ann, ar bhealach atá soláimhsithe, trédhearcach agus inrianaithe ag an úsáideoir, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
sonraí sainaitheantais duine a iarraidh, a fháil, a roghnú, a chomhcheangal, a stóráil, a scriosadh, a chomhroinnt agus a thíolacadh, ar bhealach slán agus faoi rialú aonair an úsáideora, agus, i gcás inarb infheidhme, in éineacht le ríomhdhearbhuithe saintréithe, páirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú ar líne agus, i gcás inarb infheidhme, sa mhodh as líne, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus á áirithiú gur féidir sonraí a nochtadh go roghnaíoch;
(b)
ainmneacha bréige a ghiniúint agus iad a stóráil, criptithe agus go háitiúil, laistigh den Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí;
(c)
Tiachóg Eorpach Céannachta Digití duine eile a fhíordheimhniú go slán, agus sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a fháil agus a chomhroinnt ar bhealach slán idir an dá Thiachóg Eorpaí Céannachta Digití;
(d)
rochtain a fháil ar loga na n-idirbheart uile a dhéantar tríd an Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí trí dheais chomhchoiteann lenar féidir leis an úsáideoir an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
amharc ar liosta cothrom le dáta de na páirtithe is úsáideoirí a bhfuil nasc bunaithe ag an úsáideoir leo agus, i gcás inarb infheidhme, na sonraí uile a malartaíodh;
(ii)
a iarraidh go héasca go ndéanfadh páirtí is úsáideoir sonraí pearsanta a léirscriosadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679;
(iii)
páirtí is úsáideoir a thuairisciú go héasca don údarás inniúil náisiúnta cosanta sonraí, i gcás ina bhfaightear iarraidh ar shonraí a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach nó amhrasach;
(e)
síniú trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe nó séalú trí bhíthin ríomhshéalaí cáilithe;
(f)
sonraí an úsáideora, an ríomhdhearbhú saintréithe agus cumraíochtaí a íoslódáil a mhéid is indéanta go teicniúil;
(g)
cearta an úsáideora chun iniomparthachta sonraí a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 5a 5.
|
Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)
tacófar le prótacail chomhchoiteanna agus comhéadain chomhchoiteanna:
(i)
chun sonraí sainaitheantais duine, ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe agus neamhcháilithe nó deimhnithe cáilithe agus neamhcháilithe a eisiúint don Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí;
(ii)
chun go mbeidh páirtithe is úsáideoirí in ann sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a iarraidh agus a bhailíochtú;
(iii)
chun sonraí sainaitheantais duine, ríomhdhearbhú saintréithe nó sonraí gaolmhara arna nochtadh go roghnaitheach ar líne agus, i gcás inarb iomchuí, sa mhodh as líne a chomhroinnt agus a thíolacadh do pháirtithe is úsáideoirí;
(iv)
chun gur féidir leis an úsáideoir idirghníomhaíocht leis an Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a cheadú agus chun Trustmharc na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a thaispeáint;
(v)
chun an t-úsáideoir a ionduchtú go slán trí mhodh ríomh-shainaitheantais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5a(24);
(vi)
chun idirghníomhú idir Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití beirte chun sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a fháil, a bhailíochtú agus a chomhroinnt ar bhealach slán;
(vii)
chun páirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú agus a shainaithint trí shásraí fíordheimhnithe a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5b;
(viii)
chun go mbeidh páirtithe is úsáideoirí in ann barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú;
(ix)
chun iarraidh ar pháirtí is úsáideoir sonraí pearsanta a léirscriosadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679;
(x)
chun páirtí is úsáideoir a thuairisciú don údarás inniúil náisiúnta cosanta sonraí i gcás ina bhfaightear iarraidh ar shonraí a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach nó amhrasach;
(xi)
chun ríomhshínithe cáilithe nó ríomhshéalaí cáilithe a chruthú trí bhíthin gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe nó ríomhshéalaí cáilithe;
(b)
ní sholáthrófar aon fhaisnéis do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe ríomhdhearbhuithe saintréithe faoi úsáid na ríomhdhearbhuithe sin;
(c)
áiritheofar gur féidir céannacht na bpáirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú agus a shainaithint trí shásraí fíordheimhnithe a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5b;
(d)
comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil le leibhéal dearbhaithe “ard”, go háirithe mar a chuirtear i bhfeidhm iad ar na ceanglais maidir le céannacht a phromhadh agus a fhíorú, agus le modhanna ríomh-shainaitheantais a bhainistiú agus a fhíordheimhniú;
(e)
i gcás ríomhdhearbhú saintréithe ina bhfuil beartais nochta leabaithe, an sásra iomchuí a chur chun feidhme chun an t-úsáideoir a chur ar an eolas go bhfuil cead ag an bpáirtí is úsáideoir nó ag úsáideoir na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a iarrann an ríomhdhearbhú saintréithe sin rochtain a fháil ar dhearbhú den sórt sin;
(f)
áiritheofar go ndéanfar, le sonraí sainaitheantais duine, atá ar fáil ón scéim ríomh-shainaitheantais faoina bhfuil Tiachóg Eorpach Céannachta Digití á soláthar, léiriú uathúil ar an duine nádúrtha, ar an duine dlítheanach nó ar an duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar an duine nádúrtha nó dlítheanach, agus go mbeidh baint ag na sonraí leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití sin;
(g)
cuirfear ar chumas gach duine nádúrtha síniú a dhéanamh trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe mar réamhshocrú agus saor in aisce.
D’ainneoin phointe (g) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta comhréireacha chun a áirithiú go mbeidh úsáid saor in aisce ríomhshínithe cáilithe ag daoine nádúrtha teoranta do chríocha neamhghairmiúla.
|
|
Airteagal 5a 6.
|
Cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí ar an eolas, gan mhoill, faoi aon sárú slándála a d’fhéadfadh a bheith tar éis a dTiachóg Eorpach Céannachta Digití nó a hinneachar a chur i mbaol go hiomlán nó go páirteach, go háirithe má rinneadh a dTiachóg Eorpach Céannachta Digití a chur ar fionraí nó a chúlghairm de bhun Airteagal 5e.
|
|
Airteagal 5a 7.
|
Gan dochar d’Airteagal 5f, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d’fheidhmiúlachtaí breise Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, lena n-áirítear idir-inoibritheacht le modhanna náisiúnta ríomh-shainaitheantais atá ann cheana. Comhlíonfaidh na feidhmiúlachtaí breise sin an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 5a 8.
|
Soláthróidh na Ballstáit sásraí bailíochtaithe saor in aisce, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a áirithiú gur féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú;
(b)
ligean d’úsáideoirí barántúlacht agus bailíocht chéannacht na bpáirtithe is úsáideoirí atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5b a fhíorú.
|
|
Airteagal 5a 9.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir bailíocht na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a chúlghairm sna himthosca seo a leanas:
(a)
ar iarraidh shainráite ón úsáideoir;
(b)
i gcás inar cuireadh slándáil na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití i mbaol;
(c)
ar bhás an úsáideora nó ar scor de ghníomhaíocht an duine dhlítheanaigh.
|
|
Airteagal 5a 10.
|
Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití gur féidir le húsáideoirí tacaíocht theicniúil a iarraidh go héasca agus fadhbanna teicniúla nó aon teagmhais eile a bhfuil tionchar diúltach acu ar úsáid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a thuairisciú go héasca.
|
|
Airteagal 5a 11.
|
Déanfar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar faoi scéim ríomh-shainaitheantais a bhfuil leibhéal dearbhaithe “ard” aici.
|
|
Airteagal 5a 12.
|
Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, áiritheofar an tslándáil trí dhearadh.
|
|
Airteagal 5a 13.
|
Déanfar eisiúint, úsáid agus cúlghairm na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí saor in aisce i gcás gach duine nádúrtha.
|
|
Airteagal 5a 14.
|
Beidh smacht iomlán ag úsáideoirí ar úsáid a dTiachóg Eorpach Céannachta Digití agus ar na sonraí atá inti. Ní bhaileoidh soláthraí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití faisnéis maidir le húsáid na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nach bhfuil riachtanach chun seirbhísí Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a sholáthar, ná ní chomhcheanglóidh an soláthraí sonraí sainaitheantais duine ná aon sonraí pearsanta eile a stóráiltear nó a bhaineann le húsáid na Tiachóige Céannachta Digití Eorpa le sonraí pearsanta ó aon seirbhísí eile a thairgeann an soláthraí sin ná ó sheirbhísí tríú páirtí nach bhfuil riachtanach chun seirbhísí Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a sholáthar, mura rud é gur iarr an t-úsáideoir a mhalairt go sainráite. Déanfar sonraí pearsanta a bhaineann le soláthar na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a choimeád scartha go loighciúil ó shonraí ar bith eile atá i seilbh sholáthraí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. I gcás ina soláthraíonn páirtithe príobháideacha an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir le mír 2, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Airteagal 45h(3).
|
|
Airteagal 5a 15.
|
Is go deonach a úsáidfear Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, le rochtain ar mhargadh an tsaothair agus leis an tsaoirse chun gnó a dhéanamh, ní dhéanfar iad a shrianadh ar bhealach ar bith ná ní dhéanfar míbhuntáisteach iad i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach n-úsáideann Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Beifear fós in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha trí mhodhanna sainaitheantais agus fíordheimhnithe eile atá ann cheana.
|
|
Airteagal 5a 16.
|
Le creat teicniúil na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití:
(a)
ní cheadófar do sholáthraithe ríomhdhearbhuithe saintréithe ná d’aon pháirtí eile, tar éis an dearbhú saintréithe a eisiúint, sonraí a fháil lenar féidir idirbhearta nó iompraíocht úsáideoirí a rianú, a nascadh nó a chomhghaolú, ná eolas ar idirbhearta nó ar iompraíocht úsáideoirí a fháil ar shlí eile, mura n-údaraíonn an t-úsáideoir sin go sainráite;
(b)
cumasófar teicnící caomhnaithe príobháideachais lena n-áirithítear nach féidir nascadh, i gcás nach gá an t-úsáideoir a shainaithint leis an dearbhú saintréithe.
|
|
Airteagal 5a 17.
|
Aon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta nó a dhéanann comhlachtaí nó páirtithe thar a gceann, ar comhlachtaí nó páirtithe iad atá freagrach as Tiachóga Céannachta Digití a sholáthar mar mhodh ríomh-shainaitheantais, déanfar an phróiseáil sin i gcomhréir le bearta cosanta sonraí iomchuí éifeachtacha. Léireofar go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679 le próiseáil den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm beart den sórt sin a shonrú tuilleadh.
|
|
Airteagal 5a 18.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill mhíchuí, faoi fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an comhlacht atá freagrach as bunú agus cothabháil liosta na bpáirtithe is úsáideoirí atá cláraithe a bhraitheann ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití i gcomhréir le hAirteagal 5b(5) agus an áit ina bhfuil an liosta sin;
(b)
na comhlachtaí atá freagrach as Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5a(1);
(c)
na comhlachtaí atá freagrach as a áirithiú go bhfuil na sonraí sainaitheantais duine bainteach leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir le hAirteagal 5a(5), pointe (f);
(d)
an sásra trínar féidir bailíochtú a dhéanamh ar na sonraí sainaitheantais duine dá dtagraítear in Airteagal 5a(5), pointe (f), agus ar chéannacht na bpáirtithe is úsáideoirí;
(e)
an sásra trínar féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá ar tugadh fógra ina leith de bhun na chéad fhomhíre ar fáil go poiblí trí chainéal slán, i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
|
|
Airteagal 5a 19.
|
Gan dochar do mhír 22 den Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 11 maidir leis an Tiachóg Céannachta Digití Eorpach.
|
|
Airteagal 5a 20.
|
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 24(2), pointí (b), agus (d) go (h), maidir le soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití.
|
|
Airteagal 5a 21.
|
Cuirfear Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití ar fáil lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le húsáideoirí eile, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
).
|
|
Airteagal 5a 22.
|
Chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar, ní bheidh Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití ná na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear iad faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 7, 9, 10, 12 agus 12a.
|
|
Airteagal 5a 23.
|
Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 4, 5, 8 agus 18 den Airteagal seo maidir le cur chun feidhme na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
|
Airteagal 5a 24.
|
Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta chun gur féidir úsáideoirí a ionduchtú chuig an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais atá i gcomhréir le leibhéal dearbhaithe “ard” nó trí modhanna ríomh-shainaitheantais atá i gcomhréir le leibhéal dearbhaithe “suntasach” i gcomhar le nósanna imeachta breise cian-ionduchtúcháin a chomhlíonann le chéile ceanglais leibhéal dearbhaithe “ard”. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|