+Airteagal 5b Páirtithe is Úsáideoirí na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití
---+Airteagal 5b 1.
---+Airteagal 5b 2.
---+Airteagal 5b 3.
---+Airteagal 5b 4.
---+Airteagal 5b 5.
---+Airteagal 5b 6.
---+Airteagal 5b 7.
---+Airteagal 5b 8.
---+Airteagal 5b 9.
---+Airteagal 5b 10.
---+Airteagal 5b 11.

Airteagal 5b Páirtithe is Úsáideoirí na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5b 1.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag páirtí is úsáideoir brath ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití chun seirbhísí poiblí nó príobháideacha a sholáthar trí bhíthin idirghníomhaíocht dhigiteach, cláróidh an páirtí is úsáideoir sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.
Airteagal 5b 2.

Beidh an próiseas clárúcháin costéifeachtach agus comhréireach leis an riosca. Soláthróidh an páirtí is úsáideoir an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an fhaisnéis is gá chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a fhíordheimhniú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(i) 

an Ballstát ina bhfuil an páirtí is úsáideoir bunaithe; agus

(ii) 

ainm an pháirtí is úsáideoir agus, i gcás inarb infheidhme, chláruimhir an pháirtí is úsáideoir mar atá luaite i dtaifead oifigiúil in éineacht le sonraí sainaitheantais an taifid oifigiúil sin;

(b) 

sonraí teagmhála an pháirtí is úsáideoir;

(c) 

an úsáid atá beartaithe do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití, lena n-áirítear léiriú ar na sonraí atá le hiarraidh ag an bpáirtí is úsáideoir ar úsáideoirí.

Airteagal 5b 3.
Ní iarrfaidh na páirtithe is úsáideoirí ar úsáideoirí aon sonraí a sholáthar seachas na sonraí sin a léirítear de bhun mhír 2, pointe (c).
Airteagal 5b 4.
Ní dochar míreanna 1 agus 2 do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí sonracha a sholáthar.
Airteagal 5b 5.
Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go poiblí ar líne i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
Airteagal 5b 6.
Cuirfidh na páirtithe is úsáideoirí atá cláraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar sa chlárú de bhun mhír 2.
Airteagal 5b 7.
Déanfaidh na Ballstáit sásra comhchoiteann a sholáthar lenar féidir na páirtithe is úsáideoirí a shainaithint agus a fhíordheimhniú, dá dtagraítear in Airteagal 5a(5), pointe (c).
Airteagal 5b 8.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag na páirtithe is úsáideoirí brath ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití, déanfaidh siad iad féin a shainaithint don úsáideoir.
Airteagal 5b 9.
Beidh na páirtithe is úsáideoirí freagrach as cur i gcrích an nós imeachta maidir le fíordheimhniú agus bailíochtú a dhéanamh ar shonraí sainaitheantais duine agus ar ríomhdhearbhú saintréithe arna n-iarraidh ó Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Ní dhiúltóidh na páirtithe is úsáideoirí d’úsáid ainmneacha bréige, i gcás nach gceanglaítear an t-úsáideoir a shainaithint le dlí an Aontais ná leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 5b 10.
Measfar gur páirtithe is úsáideoirí iad idirghabhálaithe a ghníomhaíonn thar ceann na bpáirtithe is úsáideoirí agus ní stórálfaidh idirghabhálaithe den sórt sin sonraí faoi inneachar an idirbhirt.
Airteagal 5b 11.
Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 2, 5 agus 6 go 9 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití dá dtagraítear in Airteagal 5a(23). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.