+Airteagal 12 Idir-inoibritheacht
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 8.
---+Airteagal 12 9.
|
Airteagal 12 Idir-inoibritheacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Beidh na scéimeanna ríomh-shainaitheantais náisiúnta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) idir-inoibritheach.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Chun críocha mhír 1, bunófar creat idir-inoibritheachta.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Comhlíonfaidh an creat idir-inoibritheachta na critéir seo a leanas:
(a)
díreofar leis ar a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ní dhéanann sé idirdhealú idir aon réiteach teicniúil sonrach náisiúnta le haghaidh ríomh-shainaitheantais laistigh de Bhallstát;
(b)
beidh sé i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta, nuair is féidir;
▼M2
(c)
éascófar leis cur chun feidhme an phríobháideachais agus na slándála trí dhearadh;
▼M2 —————
▼B
|
|
Airteagal 12 4.
|
Beidh na nithe a leanas sa chreat idir-inoibritheachta:
(a)
tagairt do na híoscheanglais theicniúla a bhaineann leis na leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;
(b)
mapáil ar leibhéil dearbhaithe náisiúnta scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith isteach sna leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;
(c)
tagairt do na híoscheanglais theicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta;
▼M2
(d)
tagairt do thacar íosta sonraí sainaitheantais duine is gá chun léiriú uathúil a dhéanamh ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, nó ar dhuine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach, atá ar fáil ó scéimeanna ríomh-shainaitheantais;
▼B
(f)
socruithe chun díospóid a réiteach; agus
(g)
comhchaighdeáin oibríochtúla slándála.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Déanfaidh na Ballstáit athbhreithnithe piaraí ar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a bhfuil fógra le tabhairt ina leith de bhun Airteagal 9(1), pointe (a).
|
|
Airteagal 12 6.
|
Faoin 18 Márta 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta is gá dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, dfhonn leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a bheidh comhoiriúnach leis an leibhéal riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
|
Airteagal 12 8.
|
Faoin 18 Meán Fómhair 2025, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a shocrú chun an ceanglas faoi mhír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, faoi réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, agus torthaí an chomhair idir na Ballstáit á gcur san áireamh aige, gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
|
Airteagal 12 9.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|