|
+Airteagal 19a 1. |
Airteagal 19a 1.Déanfaidh soláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe an méid seo a leanas:
(a)
beartais iomchuí a bheith aige agus bearta comhfhreagracha a dhéanamh chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí dlíthiúla, gnó agus oibríochtúla agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe neamhcháilithe, lena n-áireofar, d’ainneoin Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, ar a laghad bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(i)
nósanna imeachta clárúcháin agus ionduchtúcháin le haghaidh seirbhís iontaoibhe;
(ii)
seiceálacha nós imeachta nó riaracháin is gá chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;
(iii)
seirbhísí iontaoibhe a bhainistiú agus a chur chun feidhme;
(b)
fógra a thabhairt don chomhlacht maoirseachta, do na daoine aonair inaitheanta dá ndéantar difear, don phobal i gcoitinne más chun leas an phobail é agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis ábhartha inniúla eile i leith aon sáruithe slándála nó aon chur isteach ar sholáthar na seirbhíse nó ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) nó (iii), a bhfuil tionchar suntasach acu ar an tseirbhís iontaoibhe a sholáthraítear nó ar na sonraí pearsanta a choimeádtar inti, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó teacht ar an eolas faoi aon sáruithe slándála nó aon chur isteach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|