|
+Airteagal 24 2. |
Airteagal 24 2.Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:
(a)
cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas 1 mhí amháin ar a laghad sula gcuirfear chun feidhme aon athrú ar sholáthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe nó 3 mhí ar a laghad i gcás ina bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí sin;
(b)
fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;
(c)
i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(d)
roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis nó léi seirbhís iontaoibhe cháilithe a úsáid, a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir, cuimsitheach a bhfuil rochtain éasca air, i spás poiblí a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus go leithleach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta maidir le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon srianta ar a húsáid;
(e)
déanfaidh sé córais iontaofa agus táirgí iontaofa a úsáid atá cosanta ar mhodhnú agus déanfaidh sé slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad a áirithiú, lena n-áirítear úsáid a bhaint as teicnící cripteagrafacha oiriúnacha;
(f)
déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:
(i)
níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,
(ii)
ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,
(iii)
is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;
(fa)
d’ainneoin Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, beidh beartais iomchuí aige agus déanfaidh sé bearta comhfhreagracha chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí dlíthiúla, gnó agus oibríochtúla agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe cáilithe, lena n-áirítear ar a laghad bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(i)
nósanna imeachta clárúcháin agus ionduchtúcháin le haghaidh seirbhíse;
(ii)
seiceálacha nós imeachta nó riaracháin;
(iii)
seirbhísí a bhainistiú agus a chur chun feidhme;
(fb)
tabharfaidh sé fógra don chomhlacht maoirseachta, do na daoine aonair inaitheanta dá ndéantar difear, do chomhlachtaí ábhartha inniúla eile i gcás inarb infheidhme agus, arna iarraidh sin don chomhlacht maoirseachta, don phobal más chun leas an phobail é, maidir le haon sáruithe slándála nó aon chur isteach ar sholáthar na seirbhíse nó ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointe (fa)(i), (ii) nó (iii) a bhfuil tionchar suntasach acu ar an tseirbhís iontaoibhe a sholáthraítear nó ar na sonraí pearsanta a choimeádtar inti, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig ón teagmhas;
(g)
déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh sonraí a bhrionnú, a ghoid nó a mhíleithreasú nó, gan cheart, sonraí a scriosadh, a athrú nó a dhéanamh dorochtana;
(h)
déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn agus a fhaigheann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus coinneoidh sé ar fáil í cibé fad is gá tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar taifeadadh den sórt sin a dhéanamh go leictreonach;
(i)
beidh plean foirceanta aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoraíonn an comhlacht maoirseachta de bhun Airteagal 46b(4), pointe (i); ▼M2 —————
(k)
maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta. Féadfaidh an comhlacht maoirseachta faisnéis a iarraidh sa bhreis ar an bhfaisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun phointe (a) den chéad fhomhír nó an toradh ar mheasúnú comhréireachta a iarraidh agus féadfaidh sé coinníoll a chur le deonú an cheada chun na hathruithe atá beartaithe ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chur chun feidhme. Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, agus an tréimhse ar lena linn atá an fíorú le cur i gcrích á sonrú aige. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|