|
+Airteagal 29a 1. |
Airteagal 29a 1.Ní dhéanfaidh ach soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar fíor an méid seo a leanas ina leith gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú mar sheirbhís cháilithe:
(a)
gineann nó bainistíonn sé sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora;
(b)
d’ainneoin phointe (1)(d) d’Iarscríbhinn II, déanann sé dúbláil ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe chun críoch cúltaca, agus chun na gcríoch sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
(i)
ní mór na tacair sonraí macasamhlaithe bheith ar aon leibhéal slándála leis an tacar sonraí bunaidh;
(ii)
le líon na dtacar sonraí macasamhlaithe, caithfear gan dul thar an líon is lú atá riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú;
(c)
comhlíonann sé aon cheanglas arna sainaithint sa tuarascáil deimhniúcháin a bhaineann leis an ngléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda sonrach arna eisiúint de bhun Airteagal 30. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|