|
+Airteagal 32 1. |
Airteagal 32 1.Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;
(b)
soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;
(c)
comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;
(d)
soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;
(e)
i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;
(f)
gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;
(g)
níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;
(h)
trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann bailíochtú na ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|