+Airteagal 46e An Grúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach
---+Airteagal 46e 1.
---+Airteagal 46e 2.
---+Airteagal 46e 3.
---+Airteagal 46e 4.
---+Airteagal 46e 5.
---+Airteagal 46e 6.
---+Airteagal 46e 7.
|
Airteagal 46e An Grúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46e 1.
|
Chun tacú leis an gcomhar trasteorann agus an malartú faisnéise idir na Ballstáit maidir le seirbhísí iontaoibhe, Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí agus scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, agus chun an comhar trasteorann sin agus an malartú faisnéise sin a éascú, bunóidh an Coimisiún Grúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach (“an Grúpa Comhair”).
|
|
Airteagal 46e 2.
|
Beidh an Grúpa Comhair comhdhéanta d’ionadaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus ionadaithe de chuid an Choimisiúin. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an nGrúpa Comhair. Soláthróidh an Coimisiún Rúnaíocht an Ghrúpa Comhair.
|
|
Airteagal 46e 3.
|
Féadfar cuireadh a thabhairt, ar bhonn ad hoc, d’ionadaithe páirtithe leasmhara ábhartha freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Comhair agus páirt a ghlacadh ina chuid oibre mar bhreathnóirí.
|
|
Airteagal 46e 4.
|
Tabharfar cuireadh do ENISA a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir i dtaobh obair an Ghrúpa Comhair nuair a dhéanann sé tuairimí, dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú faoi ghnéithe ábhartha cibearshlándála amhail fógra a thabhairt i leith sáruithe slándála, agus nuair a thugtar aghaidh ar úsáid deimhnithe cibearshlándála nó caighdeán cibearshlándála.
|
|
Airteagal 46e 5.
|
Beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGrúpa Comhair:
(a)
comhairle a mhalartú agus comhoibriú leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh bheartais atá ag teacht chun cinn i réimse thiachóga céannachta digití, modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe;
(b)
comhairle a thabhairt don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, ag na céimeanna luatha d’ullmhú na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo;
(c)
an méid seo a leanas a dhéanamh chun tacú leis na comhlachtaí maoirseachta forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme:
(i)
dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo;
(ii)
measúnú a dhéanamh ar na forbairtí ábhartha in earnálacha na dtiachóg céannachta digití, an ríomh-shainaitheantais agus na seirbhísí iontaoibhe;
(iii)
cruinnithe comhpháirteacha a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha as gach cearn den Aontas chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an ngrúpa comhair agus chun ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn;
(iv)
tuairimí, dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú, le tacaíocht ó ENISA, maidir le gnéithe ábhartha cibearshlándála a bhaineann le Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, scéimeanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe;
(v)
dea-chleachtais a mhalartú maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartas maidir le fógra a thabhairt i leith sáruithe slándála, agus bearta comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 5e agus 10;
(vi)
cruinnithe comhpháirteacha a eagrú le Grúpa Comhair NIS arna bhunú de bhun Airteagal 14(1) de Threoir (AE) 2022/2555 chun faisnéis ábhartha a mhalartú i ndáil le seirbhísí iontaoibhe agus leis an ríomh-shainaitheantais a bhaineann le cibearbhagairtí, cibeartheagmhais, leochaileachtaí, tionscnaimh múscailte feasachta, oiliúintí, cleachtaí agus scileanna, fothú acmhainneachta, acmhainneacht caighdeán agus sonraíochtaí teicniúla, chomh maith le caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla;
(vii)
plé a dhéanamh, arna iarraidh sin do chomhlacht maoirseachta, ar iarrataí sonracha ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 46d;
(viii)
malartú faisnéise idir na comhlachtaí maoirseachta a éascú trí threoir a thabhairt maidir leis na gnéithe eagraíochtúla agus na nósanna imeachta eagraíochtúla don chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 46d;
(d)
athbhreithnithe piaraí ar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoin Rialachán seo a eagrú.
|
|
Airteagal 46e 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh a n-ionadaithe ainmnithe i gcomhar le chéile go héifeachtach agus go héifeachtúil sa Ghrúpa Comhair.
|
|
Airteagal 46e 7.
|
Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta is gá chun an comhoibriú idir na Ballstáit dá dtagraítear i mír 5, pointe (d), den Airteagal seo a éascú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|