|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Ar na nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 8, áireofar an méid a leanas:
(a)
bealaí chun na tuairiscí a fháil, agus iad ceaptha, bunaithe agus á n-oibriú ar bhealach slán a áirithíonn rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe agus aon tríú páirtí a luaitear sa tuairisc, agus a choisceann rochtain ar an bhfaisnéis ag comhaltaí foirne neamhúdaraithe;
(b)
admháil don duine tuairiscithe go bhfuarthas an tuairisc, laistigh de sheacht lá ón lá a bhfuarthas í;
(c)
ainmniú duine nó roinne neamhchlaonta atá inniúil maidir le bearta leantacha a dhéanamh i leith na dtuairiscí, agus ar féidir gurb é an duine céanna nó an roinn chéanna a bheadh ann leis an duine nó an roinn a fhaigheann na tuairiscí agus a dhéanfaidh teagmháil leis an duine tuairiscithe a chothabháil agus, i gcás inar gá, a iarrfaidh tuilleadh faisnéise ón duine tuairiscithe agus a sholáthróidh aiseolas don duine tuairiscithe sin;
(d)
bearta leantacha dícheallacha ag an duine nó an roinn ainmnithe dá dtagraítear i bpointe (c);
(e)
bearta leantacha dícheallacha, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, maidir le tuairisciú anaithnid;
(f)
tréimhse ama réasúnach chun aiseolas a sholáthar, nach faide ná 3 mhí ón admháil fála nó, mura seoladh admháil chuig an duine tuairiscithe, 3 mhí ó dhul in éag na tréimhse 7 lá tar éis an tuairisc a dhéanamh;
(g)
faisnéis atá soiléir agus inrochtana go héasca a sholáthar maidir leis na nósanna imeachta maidir le tuairisciú go seachtrach d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 10 agus, i gcás inarb ábhartha, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|