+Airteagal 9 Nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
|
Airteagal 9 Nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Ar na nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 8, áireofar an méid a leanas:
(a)
bealaí chun na tuairiscí a fháil, agus iad ceaptha, bunaithe agus á n-oibriú ar bhealach slán a áirithíonn rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe agus aon tríú páirtí a luaitear sa tuairisc, agus a choisceann rochtain ar an bhfaisnéis ag comhaltaí foirne neamhúdaraithe;
(b)
admháil don duine tuairiscithe go bhfuarthas an tuairisc, laistigh de sheacht lá ón lá a bhfuarthas í;
(c)
ainmniú duine nó roinne neamhchlaonta atá inniúil maidir le bearta leantacha a dhéanamh i leith na dtuairiscí, agus ar féidir gurb é an duine céanna nó an roinn chéanna a bheadh ann leis an duine nó an roinn a fhaigheann na tuairiscí agus a dhéanfaidh teagmháil leis an duine tuairiscithe a chothabháil agus, i gcás inar gá, a iarrfaidh tuilleadh faisnéise ón duine tuairiscithe agus a sholáthróidh aiseolas don duine tuairiscithe sin;
(d)
bearta leantacha dícheallacha ag an duine nó an roinn ainmnithe dá dtagraítear i bpointe (c);
(e)
bearta leantacha dícheallacha, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, maidir le tuairisciú anaithnid;
(f)
tréimhse ama réasúnach chun aiseolas a sholáthar, nach faide ná 3 mhí ón admháil fála nó, mura seoladh admháil chuig an duine tuairiscithe, 3 mhí ó dhul in éag na tréimhse 7 lá tar éis an tuairisc a dhéanamh;
(g)
faisnéis atá soiléir agus inrochtana go héasca a sholáthar maidir leis na nósanna imeachta maidir le tuairisciú go seachtrach d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 10 agus, i gcás inarb ábhartha, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Leis na bealaí dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1, beifear in ann tuairisciú i scríbhinn nó ó bhéal, nó an dá rud, a dhéanamh. Féadfar tuairisciú ó bhéal a dhéanamh trí theileafón nó trí chórais eile teachtaireachtaí gutha, agus, arna iarraidh sin don duine tuairiscithe, trí bhíthin cruinniú aghaidh ar aghaidh laistigh de thréimhse ama réasúnach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L1937
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|