+Airteagal 15 Nochtadh poiblí
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.

Airteagal 15 Nochtadh poiblí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.

Beidh duine a dhéanann nochtadh poiblí incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur thuairiscigh an duine den chéad uair go hinmheánach agus go seachtrach, nó go díreach go seachtrach i gcomhréir le Caibidlí II agus III, ach nach ndearnadh aon ghníomhaíocht iomchuí mar fhreagra ar an tuairisc laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 9(1) nó i bpointe (d) d’Airteagal 11(2); nó

(b) 

go bhfuil forais réasúnacha ag an duine chun a chreidiúint:

(i) 

go bhféadfadh an sárú a bheith ina gharchontúirt nó ina chontúirt fhollasach do leas an phobail, amhail i gcás staid éigeandála nó riosca go ndéanfar damáiste do-aisiompaithe; nó

(ii) 

i gcás tuairisciú seachtrach, baol an fhrithbhirt ann nó gur beag seans go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar an sárú, de bharr imthosca sonracha an cháis, mar shampla i gcásanna ina bhféadfaí fianaise a cheilt nó a scriosadh nó i gcás ina bhfuil údarás i gclaonpháirteachas le déantóir an tsáraithe nó go bhfuil baint ag an údarás leis an sárú.

Airteagal 15 2.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cásanna ina nochtann duine faisnéis go díreach don phreas de bhun forálacha náisiúnta sonracha lena mbunaítear córas cosanta a bhaineann le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L1937
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.