|
+Airteagal 20 1. |
Airteagal 20 1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na daoine sin dá dtagraítear in Airteagal 4, de réir mar is iomchuí, ar bhearta tacaíochta, agus go háirithe an méid seo a leanas:
(a)
faisnéis agus comhairle atá cuimsitheach agus neamhspleách, inrochtana go héasca don phobal agus saor in aisce, maidir le nósanna imeachta agus leigheasanna atá ar fáil, maidir le cosaint i gcoinne frithbhirt, agus maidir le cearta an duine lena mbaineann;
(b)
cúnamh éifeachtach ó na húdaráis inniúla roimh aon údarás iomchuí a bhfuil baint acu lena gcosaint i gcoinne frithbhirt, lena n-áirítear, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin faoin dlí náisiúnta, deimhniú go bhfuil siad incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo; agus
(c)
cúnamh dlíthiúil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí sibhialta trasteorann, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1919 agus Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), agus, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cúnamh dlíthiúil in imeachtaí breise agus comhairleoireacht dhlíthiúil nó cúnamh dlíthiúil eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|