+Airteagal 21 Bearta le haghaidh cosaint i gcoinne frithbhirt
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 21 7.
---+Airteagal 21 8.
|
Airteagal 21 Bearta le haghaidh cosaint i gcoinne frithbhirt
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 a chosaint i gcoinne frithbhirt. Áireofar ar na bearta sin, go háirithe, na cinn a leagtar amach i míreanna 2 go 8 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Gan dochar d’Airteagal 3(2) agus (3), i gcás ina dtuairiscíonn daoine faisnéis faoi sháruithe nó ina ndéanann siad nochtadh poiblí i gcomhréir leis an Treoir seo, ní mheasfar iad a bheith ag sárú aon sriain maidir le faisnéis a nochtadh agus ní thabhóidh siad dliteanas de chineál ar bith maidir leis an tuairisciú nó an nochtadh poiblí sin a dhéanamh ar choinníoll go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh gá le tuairisciú nó nochtadh poiblí den sórt seo a dhéanamh d’fhonn sárú a nochtadh de bhun na Treorach seo.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Ní thabhóidh daoine tuairiscithe dliteanas maidir le fáil nó rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis a thuairiscítear nó a nochtar go poiblí, ar choinníoll nár chion coiriúil ann féin a bhí san fháil nó sa rochtain sin. I gcás gurb é atá san fháil nó sa rochtain cion coiriúil ann féin, beidh dliteanas coiriúil á rialú de réir an dlí náisiúnta is infheidhme.
|
|
Airteagal 21 4.
|
I dtaca le haon dliteanas eile a bheith ar dhaoine tuairiscithe, a eascraíonn as gníomhartha nó neamhghníomhartha nach mbaineann leis an tuairisciú ná leis na nochtadh poiblí nó nach bhfuil gá leo chun sárú a nochtadh de bhun na Treorach seo, beidh an dliteanas sin fós á rialú de réir dhlí an Aontais is infheidhme nó an dlí náisiúnta is infheidhme.
|
|
Airteagal 21 5.
|
In imeachtaí os comhair cúirte nó údarás eile a bhaineann le díobháil a bhain don duine tuairiscithe, agus faoi réir don duine sin a shuíomh gur thuairiscigh sé nó sí nó go ndearna sé nó sí nochtadh poiblí agus gur bhain díobháil dó nó di dá réir, toimhdeofar go ndearnadh an díobháil mar fhrithbheart as an tuairisc nó as an nochtadh poiblí. I gcásanna den sórt sin, is faoin duine a rinne an frithbheart díobhálach a bheidh sé a chruthú go raibh an beart sin bunaithe ar fhorais a raibh údar cuí leo.
|
|
Airteagal 21 6.
|
Beidh rochtain ag daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 ar bhearta feabhais i gcoinne frithbhirt, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear faoiseamh eatramhach go dtí go ndéanfar imeachtaí dlí a réiteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 21 7.
|
In imeachtaí dlíthiúla, lena n-áirítear maidir le clúmhilleadh, sárú ar chóipcheart, sárú ar rúndacht, sárú ar rialacha cosanta sonraí, rúin trádála a nochtadh, nó éilimh ar chúiteamh bunaithe ar an dlí príobháideach, an dlí poiblí, nó dlí an tsaothair chomhchoitinn, ní thabhóidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 dliteanas de chineál ar bith mar thoradh ar na tuairiscithe nó ar an nochtadh poiblí faoin Treoir seo. Beidh sé de cheart ag na daoine sin dul i muinín an tuairiscithe nó an nochtadh poiblí sin chun díbhe an cháis a lorg, ar choinníoll go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh gá leis an tuairisciú nó an nochtadh poiblí sin a dhéanamh chun sárú, de bhun na Treorach, seo a nochtadh. I gcás ina ndéanann duine faisnéis faoi sháruithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí, agus ina n-áirítear leis an bhfaisnéis sin rúin trádála, agus i gcás ina gcomhlíonann an duine sin coinníollacha na Treorach seo, measfar tuairisciú nó nochtadh poiblí den sórt seo a bheith dleathach faoi choinníollacha Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2016/943.
|
|
Airteagal 21 8.
|
Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthrófar leigheasanna agus cúiteamh iomlán as damáiste a rinneadh do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L1937
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|