+Airteagal 4 1.

Airteagal 4 1.

Déanfaidh contrapháirtithe in IMUanna mionsonraí aon IMU arna thabhairt i gcrích acu, agus aon mhodhnú nó foirceannadh orthu, a thuairisciú do stór trádála atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 19. Déanfar na mionsonraí sin a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an t-idirbheart a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos sa chéad fhomhír maidir le hIMUanna:

(a) 

a tugadh i gcrích roimh an dáta cur i bhfeidhm ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33(2) agus atá fós amuigh ar an dáta sin, más rud é:

(i) 

gur mó ná 180 lá an aibíocht atá fágtha sna hIMUanna sin ar an dáta sin; nó

(ii) 

go bhfuil aibíocht oscailte ag na hIMUanna sin agus go bhfuil siad fós ann 180 lá tar éis an dáta sin;

(b) 

a thugtar i gcrích ar an dáta ábhartha cur i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33 (2) nó ina dhiaidh sin.

Tuairisceofar na hIMUanna dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír laistigh de 190 lá tar éis an dáta cur i bhfeidhm ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33(2).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.