+Airteagal 5 Stór trádála a chlárú
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
|
Airteagal 5 Stór trádála a chlárú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Is de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a chláróidh stór trádála le hÚEUM chun críocha Airteagal 4.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Chun a bheith incháilithe le clárú faoin Airteagal seo, is é a bheidh i stór trádála duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas, cuirfidh sé nósanna imeachta i bhfeidhm le hiomláine agus le cruinneas na mionsonraí a thuairiscítear dó faoi Airteagal 4(1) a fhíorú, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 78, Airteagal 79 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Chun críche an Airteagail seo, déanfar tagairtí in Airteagal 78 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d’Airteagal 9 de a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 4 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Beidh éifeacht le clárú stóir trádála i gcríoch an Aontais ina hiomláine.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Comhlíonfaidh stór trádála cláraithe na coinníollacha clárúcháin i gcónaí. Déanfaidh stór trádála, gan mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt d’ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha clárúcháin.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Cuirfidh stór trádála ceann díobh seo a leanas faoi bhráid ÚEUM:
(b)
iarratas ar shíneadh a chur le clárú chun críocha Airteagal 4 den Rialachán seo i gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Theideal VI, Caibidil 1 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas a fháil, measfaidh ÚEUM an bhfuil an t-iarratas iomlán. I gcás nach mbeidh an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM síos spriocdháta faoin mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar. Tar éis d’ÚEUM a mheasúnú a dhéanamh go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór trádála.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí na nithe uile seo a leanas:
(a)
na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus a bheidh le cur i bhfeidhm ag stórtha trádála chun iomláine agus cruinneas na mionsonraí a thuairiscítear dóibh faoi Airteagal 4(1) a fhíorú;
(b)
an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;
(c)
iarratas simplithe maidir le síneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5 d’fhonn dúbláil ceanglas a sheachaint.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 13 Eanair 2017. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar formáid an dá ní seo a leanas:
(a)
an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;
(b)
an t-iarratas ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, forbróidh ÚEUM formáid shimplithe le go seachnófar dúbláil nósanna imeachta. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 13 Eanáir 2017. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|