|
+Airteagal 12 3. |
Airteagal 12 3.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, agus riachtanais na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 2 á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:
(a)
minicíocht agus mionsonraí na suíomh comhiomlán dá dtagraítear i mír 1 agus mionsonraí IMUanna dá dtagraítear i mír 2;
(b)
na caighdeáin oibriúcháin is gá, chun go gceadófar an méid seo a leanas a dhéanamh, ar bhealach tráthúil, struchtúraithe agus cuimsitheach:
(i)
stórtha trádala do bhailiú sonraí;
(ii)
sonraí ó stórtha éagsúla a chomhiomlánú agus a chur i gcomparáid;
(c)
mionsonraí na faisnéise a bhfuil rochtain le bheith ag na heintitis dá dtagraítear i mír 2 uirthi, agus a sainordú agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh;
(d)
na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain dhíreach agus láithreach le fáil ag na heintitis dá dtagraítear i mír 2 ar shonraí atá á gcoimeád i stórtha trádála. Áireofar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin nach gcumasaítear aon pháirtí in aon IMU a aithint ón bhfaisnéis a fhoilsítear faoi mhír 1. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 13 Eanáir 2017. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|