|
+Airteagal 22 4. |
Airteagal 22 4.Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht a thabhairt d’udaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:
(a)
ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil di arís;
(b)
ráiteas poiblí ina sonrófar an duine atá freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe i gcomhréir le hAirteagal 26;
(c)
an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fionraí;
(d)
toirmeasc sealadach ar aon duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ar aon duine nádúrtha a mheastar a bheith freagrach as sárú den sórt sin feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú;
(e)
uas-smachtbhannaí riaracháin airgid dar luach ar a laghad trí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás ina bhféadfaidh an t-údarás ábhartha iad sin a chinneadh, fiú más mó na smachtbhannaí sin ná na méideanna dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (g);
(f)
maidir le duine nádúrtha, uas-smachtbhanna riaracháin airgid EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016;
(g)
maidir le daoine dlítheanacha, uas-smachtbhannaí riaracháin airgid arb ionann iad agus na méideanna seo a leanas ar a laghad:
(i)
I gcás sáruithe ar Airteagal 4, EUR 5 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016 nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag an gcomhlacht bainistíochta;
(ii)
I gcás sáruithe ar Airteagal 15, EUR 15 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag an gcomhlacht bainistíochta. Chun críocha phointe (g)(i) agus phointe (ii) den chéad fhomhír, i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais chomhdhlúite airgeadais a ullmhú de réir Threoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim de réir na dtreoracha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh chun go mbeidh cumhachtaí ag údaráis inniúla de bhreis orthu siúd dá dtagraítear sa mhír seo. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do raon níos leithne smachtbhannaí agus do leibhéil smachtbhannaí a bheidh níos airde ná iad siúd dá bhforáiltear sa mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|