+Airteagal 22 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.

Airteagal 22 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.
Gan dochar d’Airteagal 28 ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, do chumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur maidir le sáruithe ar an méid seo a leanas ar a laghad: Airteagal 4 agus Airteagal 15.

I gcás ina mbeidh feidhm maidir le daoine dlítheanacha ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit, i gcás sáraithe, cumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta, ar bhaill an chomhlachta bainistíochta, agus ar dhaoine aonaracha eile atá freagrach as an sárú de réir an dlí náisiúnta.

Airteagal 22 2.
Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile a dhéantar chun críoch mhír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 22 3.
I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaca le sárú ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, áiritheoidh siad go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm sa chaoi go mbeidh na cumhachtaí ar fad is gá ag údaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha nó ionchúisitheacha, nó le húdaráis an cheartais choiriúil ina ndlínse féin ar mhaithe le faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí a cuireadh ar bun i dtaca le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar Airteagal 4 agus Airteagal 15, agus ar mhaithe leis an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis inniúla eile agus d’ÚEUM chun a n-oibleagáid maidir le comhoibriú le chéile a chomhlíonadh, agus d’ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo.

Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile agus tríú tíortha ábhartha eile maidir le feidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur.

Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile freisin maidir le gnóthú na smachtbhannaí airgid a éascú.

Airteagal 22 4.

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht a thabhairt d’udaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil di arís;

(b) 

ráiteas poiblí ina sonrófar an duine atá freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe i gcomhréir le hAirteagal 26;

(c) 

an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fionraí;

(d) 

toirmeasc sealadach ar aon duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ar aon duine nádúrtha a mheastar a bheith freagrach as sárú den sórt sin feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú;

(e) 

uas-smachtbhannaí riaracháin airgid dar luach ar a laghad trí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás ina bhféadfaidh an t-údarás ábhartha iad sin a chinneadh, fiú más mó na smachtbhannaí sin ná na méideanna dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (g);

(f) 

maidir le duine nádúrtha, uas-smachtbhanna riaracháin airgid EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016;

(g) 

maidir le daoine dlítheanacha, uas-smachtbhannaí riaracháin airgid arb ionann iad agus na méideanna seo a leanas ar a laghad:

(i) 

I gcás sáruithe ar Airteagal 4, EUR 5 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016 nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag an gcomhlacht bainistíochta;

(ii) 

I gcás sáruithe ar Airteagal 15, EUR 15 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag an gcomhlacht bainistíochta.

Chun críocha phointe (g)(i) agus phointe (ii) den chéad fhomhír, i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais chomhdhlúite airgeadais a ullmhú de réir Threoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim de réir na dtreoracha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh chun go mbeidh cumhachtaí ag údaráis inniúla de bhreis orthu siúd dá dtagraítear sa mhír seo. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do raon níos leithne smachtbhannaí agus do leibhéil smachtbhannaí a bheidh níos airde ná iad siúd dá bhforáiltear sa mhír seo.

Airteagal 22 5.
Ní dhéanfaidh sárú ar Airteagal 4 difear do bhailíocht téarmaí IMU ná don deis a bheidh ag na páirtithe téarmaí IMU a fhorfheidhmiú. Ní bheidh mar thoradh ar shárú ar Airteagal 4 an ceart chun cúiteamh a fháil ó pháirtí in IMU.
Airteagal 22 6.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos le haghaidh smachtbhannaí riaracháin agus beart riaracháin eile amhail dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mbeidh na sáruithe dá dtagraítear sa mhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta cheana féin roimh an 13 Eanáir 2018. I gcás ina gcinnfidh siad gan rialacha le haghaidh smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a leagan síos, cuirfidh na Ballstáit na codanna ábhartha dá ndlí coiriúil in iúl, go mionsonraithe, don Choimisiún agus d’ÚEUM.
Airteagal 22 7.
Faoin 13 Iúil 2017,déanfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha maidir le mír 1, le mír 3 agus le mír 4 a thabhairt don Choimisiún agus d’ÚEUM. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus d’ÚEUM gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.